| Welcome | Mary Lou McDonald MEP | Bairbre de Brún MEP | Policies | Media Centre |
Éilíonn de Brún béim níos láidre ar chomhpháirtíocht sna cláir AE20 October, 2008
Dúirt Bairbre de Brún FPE go bhfuil sé ‘ríthábhachtach go mbeidh béim láidir ar chomhpháirtíocht agus PEACE III agus na cláir AE eile á chur i bhfeidhm’, agus í ag cur fáilte inniu i bParliamint na hEorpa roimh thuarascáil an Uasail Beaupuy FPE ar Rialú agus Comhpháirtíocht. Dúirt Iníon de Brún: “Is trua nach gcloítear i gcónaí le prionsabal na comhpháirtíochta agus caiteachas cistí struchtúracha á chur i bhfeidhm. Leis sin féin, chonaic mé roinnt samplaí den scoth, i dtuaisceart na hÉireann, ar an dóigh ar chóir don chomhpháirtíocht oibriú agus chonaic mé na buntáistí ar féidir bheith le comhpháirtíocht nuair a dhéantar í mar is ceart. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh béim láidir ar chomhpháirtíocht agus PEACE III agus na cláir AE eile á chur i bhfeidhm. Tá roinnt grúpaí pobail buartha go mbeidh an cumhacht ar fad ag comhairleoirí agus polaiteoirí eile ó seo amach agus nach mbeidh an tionchar céanna ag eagraíochtaí deonacha ar na cláir AE.” Ina theannta sin, mhol Iníon de Brún fosta don Chomhthionól agus do na húdaráis áitiúla a gcomhoibriú agus a dteagmháil leis an Choimisiún Eorpach, a threisiú. “Caithfidh an Tionól i dTuaisceart na hÉireann tógáil ar na naisc bunaithe cheana féin leis an Choimisiún Eorpach. Is fíor seo ach go háirithe leis an obair déanta ag an Tascfhórsa a bhunaigh Uachtarán Barroso.” adúirt sí. |
Media Centre |
Latest NewsRelated Resources |
|
Copyright 2012 Republican Publications. Contact ◊ Privacy Policy |