| Failte | Mary Lou McDonald MEP | Bairbre de Brún MEP | Polasaithe | Ionad na Meán |
Óráid Ard-Fheise ar Athrú Aeráide - de Brún FPE29 February, 2008 ’I dtús báire ba mhaith liom a lua cé chomh spreagtha agus chomh sásta atá mé rúin a fheiceáil ar an ghá le dul i ngleic le hathrú aeráid, rúin a thagann ó chumainn ar fud na tíre. Is ceist ollmhór an t-athrú aeráide agus is ceist í nach mór dúinn mar ghluaiseacht tabhairt faoi. Ní ceist í a bhaineann leis an tuaisceart ná leis an deisceart amháin is ceist í a bhaineann le hÉirinn ina hiomláine agus ceist a bhaineann leis an pholaitíocht idirnáisiúnta freisin. Fáiltím roimh na rúin seo ar an chlár a leagann amach an bealach is gá dúinn dul agus an dóigh leis an áit sin a bhaint amach. Is féidir le hÉirinn geilleagar glan, nuálach a bheith aici réidh leis an aonú céad is fiche agus is féidir le Sinn Féin, mar an t-aon pháirtí uile-Éireann le tionchar, bheith i gceannas ar an athrú sin ó Bhaile Átha Cliath, ó Bhéal Feirste agus trasna an dá chontae triocha. Níl amhras ar bith ann ó thuairisc Stern le déanaí agus ón cheathrú tuairisc ón Phainéal Idirnáisiúnta um Athrú Aeráide go bhfuil an t-athrú aeráide ag tarlú agus ag géarú luais agus ní féidir a thuilleadh ama a chur amú. Mar fhreagairt ar an fhianaise a bhíonn ag méadú de shíor bhunaigh an Pharlaimint Eorpach Coiste um Athrú Aeráide agus tá mé féin mar bhall de. Tríd an choiste seo, chonacthas dom, tá beartas comhordaithe fadtéarmach de dhíth a leagfaidh amach conas cosc a chur ar Athrú Aeráide de réir earnála. Baineann na beartais iompair, tionscadail agus taighde a phléifear agus gach beartas eile beagnach leis an troid in aghaidh athraithe aeráide. Ní mór do Phoblachtaigh, mar chéad chéim, cur chuige daingean eolaíoch agus forásach a fhorbairt mar a bhreactar síos é taobh istigh de na rúin seo. I ndiaidh glacadh leis na rúin seo, ní mór dúinn, má táthar le caitheamh go dáiríre linn i ndíospóireacht pholaitiúil –más faoin gheilleagar nó faoin talmhaíocht atá sé- foghlaim chun ár gcuid smaointeoireachta a chur in oiriúint leis an troid in aghaidh athraithe aeráide a chur san áireamh i ngach gné de dhéanamh beartais agus de chinnteoireacht pholaitiúil. I dtaca leis sin, ní mór dom aird ar leith a dhíriú ar obair den scoth de chuid ár gcomhairleoirí i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le bheith i gceannas ar straitéis athraithe aeráide a thabhairt isteach do Bhaile Átha Cliath agus obair ár bhfoirne comhthionóil chun an cheist a chur in ord tosaíochta inár n-aighneacht ar an Chlár um Rialtas. Is é an toradh a bheidh ar athrú aeráid, mura dtéitear i ngleic leis, ná tubaistí inár ndomhan agus déanfaidh sé dochar dár dtimpeallacht, dár ngeilleagar agus dár sochaí. Ba chóir d’Éirinn, mar thír fhorbartha, bheith inchurtha lena freagrachtaí faoi dhlí idirnáisiúnta agus gealltanas a thabhairt chun ár n-astuithe carbóin a laghdú. Mar thír nár thaithigh luathchéimeanna na réabhlóide tionsclaíche táimid in ait mhaith chun geilleagar glan glas a chruthú. Rinne rialtas i ndiaidh rialtais neamart iomlán i gcosaint comhshaoil agus i laghduithe carbóin. Tugadh tús áite d’fhás eacnamaíoch thar aon ní eile freagrachtaí cosanta aeráide san áireamh. Sa lá atá inniu ann, trí ghlacadh leis na rúin iontacha seo tá Sinn Féin ag léiriú, ó thuaidh agus ó dheas, go gcomhlíonfaimid ár bhfreagrachtaí comhshaoil. Is de riachtanas é, ar mhaithe leis an chomhshaol agus leis an gheilleagar, go ndéanaimid amhlaidh. Níl na spriocanna de 80% den laghdú aschur carbóin faoi 2050 agus sprioc de laghdú 3% gach bliain réalaíoch mura bhfuil an toil pholaitiúil ann. Tá tíortha eile ag cur leo ar bhealach suntasach mar gheall ar bhlianta de bhainistiú stuama comhshaoil, ar an drochuair tá Éire ag tosú as an nua. Creidiim sna blianta amach romhainn gur chóir dúinn amharc ar choincheap Bille Cosanta Aeráide ina mbeadh na spriocanna códaithe sa dlí. Ba chosúil gurbh é a leithéid de Bhille, mar a iarrann ENRanna comhshaoil é, an t-aon bhealach lena ráthú go bhfuil forbairt inbhuanaitheach comhshaoil lonnaithe go domhain i smaointeoireacht an rialtais. Molaim na rúin seo mar bheartas praiticiúil páirtí agus mar chomhartha do chách ar an oileán seo go bhfuil Sinn Féin 100% geallta dá ról agus do thionchar a imirt ar dhaoine eile a ról a imirt sa troid in éadan athraithe aeráide. ‘ |
Polasaithe |
Nuacht is DéanaíAcmhainní Gaolta |
|
Copyright 2009 Republican Publications. Contact ◊ Privacy Policy |