Dhearfach an Aostais Eorpaigh
8 December, 2003
Ceartas Sóisialta Domhanda
- Clár Ceartas Sóisialta Domhanda (Clár Bhaile Átha Cliath) a thosú mar an gcéanna le Clár Lisboa. San áireamh ann bheadh athchóiriú an Náisiúin Aontaithe, cur i gcrích Aidhmeanna Forbartha na Mílaoise chomh maith le fiacha na dtíortha neamhfhorbartha a chealú.
- Tús a chur le próiseas cruthaithe i gceartas daonna i bpolasaithe uilig an AE.
Ceannas Eacnamaíochta
- Aird dháiríre a thabhairt ar dheacrachtaí BhallStáit éagsúla oír tá cuid acu laistigh de cheantar an Euro agus cuid acu lasmuigh de.
- Aird ar thabhairt ar an ghá atá ann athréiteach a dhéanamh ar an Socrú um Buanseasmhacht agus Fás sa chaoi is go mbeidh deis ag ballstáit deileáil go héifeachtach le fadhbanna ar leith a bhaineann lena gcuid geilleagair.
Eacnamaíochtaí tuaithe athbheoite
- Deimhin a dhéanamh de go gcuirfear i gcrích ina iomlán an rún a bhain le hathréiteach an PTC a glacadh leis i Lucsamburg mí an Mheithimh 2003, díchúpláil iomlán san áireamh. Caithfear deimhin a dhéanamh de fosta go dtagann na stáit úra isteach san PTC ar bhonn chothrom.
- Cláir fhorbartha chomhlánacha tuaithe a thosú le cuidiú le feirmeoirí agus le pobail tuaithe iad féin a chur in oiriúint do na hathruithe atá rompu de thoradh an PTC.
- Athréiteach iomlán a chur ar chlár an AE faoin Polasaí Iascaireachta Coiteann (PIC/CFP).
Cosaint na Timpeallachta
- Feachtas a chur ar siúl chun limistéar a dhéanamh den AE a mbeidh saor ó Athruithe Gineolaíochta
- Clár a thosú le laghdú dírithe ar astaíochtaí a chur i bhfeidhm ar fud an AE.
Cosaint Shóisialta
- Feachtas a thosú i gcoinne chlár phríobháidithe an AE i gClár Lisboa agus chun seirbhísi poiblí a chosaint.
- Brú a chur ar siúl le comhréir (in airde) a chur ar cearta oibrithe, le haitheantas ceardchumann, le sláinte agus sábháilteacht oibrithe, le cosaint a bheith ann d’oibrithe sealadacha agus d’oibrithe imirceacha.
- Feachtas a chur chun tosaigh i leith na ngealtannas a rinneadh ar an bhochtaineacht agus ar an easpa dídine laistigh den AE.
- Brú a chur ar siúl chun tuilleadh gléasanna a bheith ann a bhaineann le comhionannas ceartais, chomh maith le Treoir ar leith a bheith ann don Chomhionannas Inscne agus don Chomhionannas Míchumais.
- Tús a chur le próiseas cruthaíochta a dhéanamh ar dlíthe uilig agus ar pholasaithe uilig an AE a bhaineann leis an chomhionannas agus leis an bhochtaineacht.
An Ghaeilge
- Deimhin a dhéanamh de go n-aithneofar an Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre den AE.
|