Polasaithe

Is fórsa níos ceannasaí é Aontas na hEorpa ná a bhí ariamh i saol polaitíochta, eacnamaíochta agus sóisialta na hÉireann.  Tá polasaí ag ionadaithe Shinn Féin teagmháil chriticiúil ach éifeachtach a dhéanamh leis an AE.  Ciallaíonn sé seo go ndéantar cinneadh tacú nó gan tacú leis na forbairtí casta san AE ar a bhfiúntas bunaidh.  Thug muid tacaíocht do bhearta an AE agus an AE mór a chuireann chun cinn agus a mhéadaíonn cearta an duine, comhionannas agus an clár Éire Aontaithe.  Is samplaí iad na bearta seo don AE ina neart, ag cur chun cinn leibhéal bunúsach de chosaint chearta i ngach ballstát.  Ach ní raibh eagla orainn seasamh a dhéanamh i n-éadan beart a théann i n-aghaidh leasa na hÉireann.  Tá muid ag iarraidh Eoraip ina bhfuil gach duine ar chomhchéim – fíorpháirtnéireacht de stáit cheannasacha chothroma, ag comhoibriú i bhforbairt sóisialta agus eacnamaíochta san Eoraip agus níos faide ar anonn.  Tá AE uainn a chuireann chun cinn an tsíocháin, an dímhíleatú agus an dí-armáil núicléach agus a chuireann chun cinn réiteach cheart coimhlinte faoi cheannasaíocht na Náisiúin Aontaithe athnuaite agus daonlathach.  Ar deireadh thiar, tá muid ag iarraidh amach anseo go nglacfaidh Éire aontaithe ról ceannasaíochta gníomhaí sa AE leasaithe sin.  Oibríonn muid le grúpaí eile atá ag iarraidh fís chéanna na n-athruithe sóisialta a chur i gcrích.  Tugann ár gClár chun Athraithe orainn dul i mbun feachtais go gníomhach ar son Éire neamhspleách de dhaoine ar chomhchéim i nEoraip de dhaoine ar chomhchéim.  AE a thugann meas air agus a chuireann chun cinn cearta náisiúnta, cearta comhchoiteann agus cearta aonarach (cearta daonna, polaitiúla, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch san áireamh) AE atá cóir go heacnamaíoch agus go sóisialta, níor mhaith AE nach bhfuil inti ach sárchumhacht eacnamaíoch eile.  AE atá dímhíleataithe agus neamhnúicléach, atá freagrach don domhan, AE ina bhfuil trádáil chóir atá chun tosaigh ar bhaint amach Cuspóirí Forbartha na Mílaoise le bochtaineacht domhanda a laghdú faoina leath fá 2015.