FPE de Brún le bheith páirteach i bhFóram Feirmeoirí Ard Mhacha Theas

25 November, 2008

Beidh FPE Shinn Féin Bairbre de Brún páirteach i gcruinniú Fóram Feirmeoirí in Ard Mhacha Theas anocht, An Mháirt 25 Samhain, ar 7 pm i dTí Chullain ar an Mhullach Bhán. Tá Sinn Féin in Ard Mhacha Theas ag eagrú cruinniú Fóram Feirmeoirí. 
Agus í ag caint roimh chruinniú na hoíche anocht dúirt an Iníon de Brún:
“Tarlaíonn an cruinniú Fóram Feirmeoirí i ndiaidh mór-idirbheartaíochtaí sa Bhruiséil an tseachtain seo caite ina raibh margadh Seiceáil Sláinte CCT (CAP) mar thoradh air.  Tá an Eoraip ríthábhachtach do thodhchaí ár dtalmhaíochta áitiúla, dár n-iascach agus dár dtionscadail bia talmhaíochta agus déanaim i gcónaí iarracht lena chinntiú go dtógtar, ar an leibhéal is airde san Eoraip, ceisteanna a théann i bhfeidhm le fírinne ar bhia talmhaíochta.  
“Tá ról dearfach ag ár n-aire áitiúil feirmeoireachta, Michelle Gildernew, agus í ag forbairt caidreamh nua leis an Eoraip le leas ár dtalmhaíochta agus le leas ár dtionscadal bainteach – caidreamh nua a chinnteoidh mórán deiseanna nua.
“Le fada an lá, bhí muid thíos leis i dtaca leis an Eoraip de, go háirithe i gcomparáid lenár gcomhghleacaithe ó dheas toisc, san am a chuaigh thart, go raibh muid ceangailte de chur chuige Rialtas na Breataine.  Ar an dea-uair anois tá glór níos láidre ann dár dteaghlaigh feirmeoireachta i gcroílár phróiseas na cinnteoireachta san Eoraip.  Is le leas mór ár dtionscadail áitiúil amach anseo an glór seo a fhorbairt  a thuilleadh.
“Ar na saincheisteanna móra a thóg Sinn Féin san Eoraip tá an Clár Forbartha Tuaithe, Seiceáil Sláinte CCT, tograí na hEagraíochta Domhanda Tráchtála (WTO) agus an tsaincheist ábhartha, Mairteoil na Brasaíle, an Scéim Bhainistíochta Cothaitheach Feirme agus an gá chun bearta uile-Éireann a chur i bhfeidhm maidir le srian ar ghalar ainmhithe chun an bhagairt mhéadaithe ó ghalar crúibe is béil (FMD), fliú éanúil, agus gormtheanga a sheachaint.  
“Le gairid mar chuid de thoscaireacht FPEanna Éireannacha a raibh Marian Harkin, Mairead McGuinness agus Liam Aylward ina measc, bhuail mé le hoifigigh shinsearacha ó chomh-aireacht Choimisinéir an AE Mariann Fischer Boel sa Bhruiséil chun an Scéim um Bainisteoireacht Dramhaíl Feirme agus an gá le haghaidh solúbthachta a phlé.  Ar an chruinniú céanna thóg muid an cheist faoi níos mó tacaíochta d’fheirmeoirí déiríochta mar gheall ar thitim thubaisteach i bpraghas an bhainne ag geata na feirme. 
“Is é an ról atá agam anocht ag Fóram Feirmeoirí Ard Mhacha Theas ná éisteacht le fíor-imní atá ar thionscal na talmhaíochta agus ar theaghlaigh feirme anois, le gur féidir liom ionadaíocht níos fearr a dhéanamh ar a n-ábhar imní sna hinstitiúidí cuí leis na hoifigigh chuí.  Tá mé ag dúil le bheith idirghníomhach i bhfóram na hoíche anocht agus tá mé thar a bheith sásta le bheith páirteach le painéal ar a bhfuil daoine a oibríonn go han-chrua ag leibhéal réigiúnach agus áitiúil chun todhchaí a chinntiú dár dtionscal talmhaíochta, dár dteaghlaigh talmhaíochta agus dár bpobail tuaithe.” CRÍOCH