Iarrann de Brún ról don AE i réiteach choimhlint na mBascach

11 November, 2008

Bhí Bairbre de Brún i measc cainteoirí idirnáisiúnta mór le rá chun iarraidh ar an Aontas Eorpach próiseas síochána a spreagadh i dTír na mBascach.  Agus í ag caint ar an Chomhdháil i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil dúirt an Iníon de Brún: “Díreach mar a chuidigh  na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach agus tíortha eile leis an phróiseas síochana Éireannach, tá ról tábhachtach ag an phobal idirnáisiúnta fosta chun an próiseas síochána i dTír na mBascach a spreagadh.”
Iarradh é sin ar chomhdháil ar Réiteach Coimhlinte san AE ar thug na daoine a leanas aitheasc ann: Bairbre de Brún FPE, mórdhlíodóir chearta an duine san Afraic Theas Brian Currin, IarArd-Rúnaí Interpol Raymond Kendall. Tá Currin agus Kendall beirt ina mball den Tionscnamh Idirnáisiúnta um Shíocháin agus Idirphlé i dTír na mBascach.  D’fhreastail FPEanna, foirne agus cúntóirí parlaiminteacha ó gach príomhghrúpa polaitiúil i bParlaimint na hEorpa uirthi.  
Agus í ag caint ar an Chomhdháil dúirt an Iníon de Brún:
“Díreach mar a chuidigh  na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach agus tíortha eile leis an phróiseas síochana Éireannach, tá ról tábhachtach ag an phobal idirnáisiúnta fosta chun an próiseas síochána i dTír na mBascach a spreagadh.  Ar an chéad dul síos ba chóir don Aontas Eorpach idirphlé cuimsitheach polaitiúil a spreagadh i dTír na mBascach, a chuireann san áireamh nach leor freagairt slándála amháin i leith na coimhlinte chun síocháin inmharthanach a chinntiú. 
“Chuidigh an tAE agus chuidíonn sé go fóill le rath an phróiseas síochána in Éirinn.  Is féidir linn anois in Éirinn  rud a thabhairt ar ais trí ghréasán réigiún agus cathracha a bheith molta ar fud na hEorpa atá ag teacht amach as coimhlint nó ina bhfuil coimhlint agus eisiamh ann go fóill, agus trí Lárionad AE um Réiteach Coimhlinte a lonnú, más féidir é, i dTuaisceart na hÉireann.” CRÍOCH  
Nótaí d’Eagarthóirí:
D’eagraigh Cairdeas Bascach, grúpa tacaíochta FPEanna ar son próiseas síochána i dTír na mBasach a bhfuil Bairbre de Brún ina ball de, an Chomhdháil ar Réiteach Coimhlinte san AE.