Iarrann Sinn Féin ar an Aireacht Cosanta chun paráid Arm na Breataine i mBéal Feirste a chur ar ceal

28 October, 2008

Tháinig FTE Shinn Féin Bairbre de Brún agus CT Bhéal Feirste Thiar Jennifer McCann le chéile le baill teaghlaigh, a chaill muintir ionúine ag lámh Arm na Breataine, le hiarraidh ar Aireacht Cosanta na Breataine chun paráid arm na Breataine atá pleanáilte do Bhéal Feirste ar 22 Samhain a chur ar ceal.
Ag caint ag preaschomhdháil inniu, is é a dúirt an Iníon de Brún:
“Inniu tá Sinn Féin ag iarraidh ar Aireacht Cosanta na Breataine paráid arm na Breataine atá pleanáilte do Bhéal Feirste ag an deireadh seachtaine seo a chur ar ceal.  Níl sé ró-mhall.
“Go nuige seo ní raibh teacht ar an Aireacht Cosanta maidir leis an mháirseáil chonspóideach agus trioblóideach, níor chuir siad urlabhraí a chur ar fáil ná níor thug siad faoi imní an mhórphobail.
“Tá an pharáid seo neamhghoilliúnach, gan choinne agus go hiomlán gan ghá.”
Lean an Iníon McCann uirthi:
“Is é an rud is fearr, dar le Sinn Féin, lá baill teaghlaigh agus le grúpaí íospartach ag déanamh ionadaíochta do na teaghlaigh seo, ná Aireacht Cosanta na Breataine an pharáid seo a chur ar ceal.  Ba chóir go n-éistfeadh an Aireacht Cosanta le himní a nocht séiplíneach RIR David Latimer, a d’aithin go mbeadh an pharáid seo trioblóideach agus a dúirt go mbeadh seirbhís chreidimh níos fóirsteanaí mar ócáid.
“Tá Sinn Féin ag iarraidh ar Shaun Woodward, Státrúnaí na Breataine, agus ar John Hutton, Aire Cosanta na Breataine, géilleadh don chiall choiteann ar an cheist seo. Dá gcuirfí an pharáid mhíleata seo ar ceal ní fheicfeadh Sinn Féin an gá le hagóid.”  CRÍOCH
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ
Is iad a d’fhreastail ar an phreaschomhdháil:

  • Clara Reilly - an Feachtas Aontaithe in éadan Piléar Plaisteach
  • Mark Thompson - Gaolta um Cheartas
  • Willie Loughran - Seisear an Loiste Úir, 1973
  •  Alice Harper, Pat Quinn & Liam Quinn- Sléacht Bhaile Uí Mhurchú 1971
  • Michael Reilly - Deartháir le Thomas ‘Kidso’ Reilly a maraíodh ag barr Bhóthar na Carraige Báine1983
Tina Erskine - Deirfiúr le Danny Barrett, a maraíodh i 1981 in Ard Eoin