Cuireann de Brún an bhéim ar an ghá le cabhair do Thíortha i mBéal Forbartha i dtaca le bearta athraithe aeráide

10 October, 2008

Chuir FPE Shinn Féin Bairbre de Brún fáilte, ag Coiste Sealadach Pharlaimint na hEorpa ar Athrú Aeráide, roimh an vóta ó Coiste Comhshaoil na Parlaiminte chun cabhair airgeadais do thíortha i mbéal forbartha a mhéadú le cuidiú leo athrú maidir le hiarmhairtí athraithe aeráide.

Agus í ag caint ag Coiste Sealadach Pharlaimint na hEorpa ar Athrú Aeráide dúirt an Iníon de Brún:
“Ní féidir a shéanadh gurb iad is mó a fhulaingeofar  mar thoradh ar athrú aeráide ná na tíortha i mbéal forbartha, agus is iad na háiteanna úd is lú a chuireann leis an fhadhb.
“Ar an chúis sin is mó m’áthas gur vótáil Coiste Comhshaoil Pharlaimint na hEorpa gur chóir go rachadh gach ioncam ceantála chuig bearta aeráide, agus 50% ag dul chuig an AE agus 50% ag dul chuig tíortha i mbeal forbartha.
“Ba chóir go gcuideodh sin chun cinnteacht a thabhairt maidir le cabhair chun cúnamh le tíortha i mbéal forbartha iad féin a chur in oiriúint maidir le hiarmhairtí athraithe aeráide.  Leanfaidh Sinn Féin le hargóint a dhéanamh go bhfuil an chabhar seo seasmhach, fadtéarmach agus ar bharr cabhrach eile a gealladh cheana.  Ní mór cur chuige a bheith ann atá comhaontaithe, cuimsitheach agus tiomanta le dul i ngleic le hathrú aeráide agus ag cúnamh le náisiúin i mbéal forbartha chun déileáil leis an tsaincheist seo agus chuideodh an cinneadh seo ar bhealach le tabhairt faoina leithéid.
Agus í ag caint i ndiaidh an chruinnithe seo, nuair a chuir sí béim ar a thábhachtaí atá sé cabhair a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha chun déileáil le hiarmhairt athraithe aeráide, dúirt an Iníon de Brún:

“I ndiaidh dom ceist a thógáil faoin ghá go gcuirfear isteach i margadh Chóbanhávan go leor cabhair airgeadais  do thíortha i mbéal forbartha d’fhreagair an Aire Aeráide agus Fuinnimh sa Danmhairg, an Iníon Connie Hedegaard: “Nach raibh ach dornán tíortha ag cur lena bhfocal chun 0.7 faoin chéad dá nOTI a thabhairt do chabhair thar sáile.  Is gá do thíortha i mbéal forbartha fios a bheith acu go bhfuilimid anois ag teacht le rud éigin breise.” CRÍOCH