Iarrann Bairbre de Brún teacht amach mór do mhórshiúl Acht na Gaeilge

8 October, 2008

D’iarr FPE Shinn Bairbre de Brún ar dhaoine fud fad na hÉireann a thacaíonn le cearta cainteoirí Gaeilge sa Tuaisceart teacht amach ina scaifte ollmhór chun tacú le mórshiúl Acht na Gaeilge i mBéal Feirste ar 11 Deireadh Fómhair.

Is é a dúirt an Iníon de Brún:

 

“Níor chóir go mbeadh dallach dubh ar Aontachtaithe faoin éileamh d’Acht na Gaeilge. Is saincheist í seo nach mbeidh ag imeacht gan tasc gan tuairisc toisc nach féidir leo, nó nár mhaith leo, glacadh le cearta daoine ar mian leo a dteanga dhúchais a úsáid.

 

“Is féidir le Gregory Campbell gan an tsaincheist seo, Acht na Gaeilge, a aithint nó a ligean air féin gur ‘déileáladh léi cheana féin’, nó ní dhiúltóidh grúpa ar bith aontachais do, nó ní chuirfidh grúpa ar bith aontachais teorainn le, cearta cainteoirí Gaeilge.

 

“Caithfidh an DUP a aithint go mbeidh an dispeansáid pholaitiúil nua linn go deo. San áireamh anseo tá an gá ann dóibh chun meas bheith acu ar chearta cainteoirí Gaeilge. Caithfidh siad é a dhéanamh soiléir cé acu a thacaíonn siad le Comhaontú Chill Rímhinn (Naomh Aindriú) nó nach dtacaíonn toisc gurb é sin an dúshraith a d’éascaigh teacht ar ais na n-institiúidí polaitiúla.

 

“Ní dheachthas i ngleic leis an tsaincheist agus ní rachfar i ngleic léi go héifeachtach go dtí go n-imríonn Gregory Campbell, mar Aire Cultúir, a pháirt chun Acht na Gaeilge cuimsitheach agus ceartbhunaithe do chainteoirí Gaeilge anseo i dTuaisceart na hÉireann a thabhairt isteach.” CRÍOCH