| Failte | Mary Lou McDonald MEP | Bairbre de Brún MEP | Polasaithe | Ionad na Meán |
Ní mór don Eoraip gníomhú chun cuidiú le feirmeoirí caorach7 October, 2008
Dúirt FPE Shinn Féin Bairbre de Brún gur féidir leis an Eoraip roinnt billiún nár caitheadh sa Bhuiséad CCT a úsáid chun beart a fhorbairt le tacú lenár bhfeirmeoirí caorach ar tháinig crua orthu. Dúirt an Iníon de Brún:“Thug mé chun solais le déanaí an bhearna idir an ní atá ar fáil faoin bhuiséad CCT agus an ní a chaithfear, le £2.9 billiún nach gcaithfear sa Bhuiséad CCT i mbliana. Fiú nuair a cheadófar an beart, an ‘Áis Bhia’, chun tacú le feirmeoireacht sa domhan i mbéal forbartha, beidh breis agus £2 bhilliún sa bhliain 2008 a d’fhéadfaí a úsáid le difear suntasach agus marthanach a dhéanamh dár n-earnálacha is mó ar tháinig crua orthu. “Is cuid thábhachtach dár n-oidhreacht feirmeoireachta an tionscadal caorach in Éirinn ina mbíonn na mílte feirmeoirí ag soláthar tairgeadh den scoth a thugann cuidiú ríthábhachtach socheacnamaíochta dár bpobail tuaithe. Tá deacracht ann d’fheirmeoireacht caorach sna ceantair is lú fabhar agus d’fheirmeoirí óga atá ag teacht isteach san earnáil. “Nocht an Eoraip a rún chun dul i ngleic leis an fhadhb agus aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid chumhachta ag na hollmhargaí móra tríd an Dearbhú Scríofa ar an mhí-úsáid seo a fhiosrú agus a réiteach agus grúpa oibre ardleibhéil a bhunú ag breathnú ar an Tionscadal Agraibhia. Is é lomchnámh na fírinne nach leor é an toradh don soláthróir maidir le caoireoil, agus leoga don iliomad tairgí talmhaíochta, mar chéatadán den phraghas miondíola. “Ba chóir don Choimisiún a thuilleadh a dhéanamh chun tacú le díolacháin dhíreacha ón soláthróir agus ó eagraíochtaí soláthróra le gur féidir ionramháil shaorga praghsanna miondíola agus praghsanna tar éis fhágáil na feirme a shárú. Ba mhian liom an Coimisiún a fheiceáil ag forbairt clár a spreagann grúpaí soláthróra/ margaíochta a bhféadfaidh an cur chuige margaíochta dírí seo a fhorbairt agus tacú le nuáil feirme fosta.” CRÍOCH Nóta d’Eagarthóirí Thug an Iníon de Brún chun solais an tseachtain seo caite nár caitheadh amach agus isteach ar £2.9 billiún (3.6 billiún Euro) den Bhuiséad Comhchlár Talmhaíochta (CCT). Is uasteorainneacha airgeadais iad na Peirspictíochtaí Airgeadais (PA) don tréimhse 2007-2013. Comhaontaíonn Ballstáit an buiséad CCT go bliantúil bunaithe ar riachtanais na hearnála. Ní cóir do bhuiséid bhliantúla dul thar uasteorainneacha PA. Is lú le €3.6 billiún an Buiséad CCT sa bhliain 2008 ná an uasteorainn PA don bhliain sin. Cinnteoidh an corrlach €3.6b nár úsáideadh idir an Buiséad CCT agus an Uasteorainn PA sa bhliain 2008 nach sárófar na Peirspictíochtaí Airgeadais fiú, mar a bheifí ag súil leis, má cheadóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach togra na hÁise Bia agus fanfaidh corrlach €2.95b sa bhliain 2008. Chuir an Coimisiún isteach cheana féin sainchosaint don CCT. Déanann an dréacht-rialiúchán socrú nach mór don tsuim a mholfar don Áis Bia gach bliain íoschorrlach de €600 milliún ar a laghad a fhágáil idir an Buiséad CCT agus an uasteorainn PA. Ciallaíonn sin má tá an Buiséad CCT i raon €600m d’uasteorainn na PA nach laghdófar buiséad na Áise Bia go dtí go bhfuil an corrlach athshlánaithe. Ciallaíonn sin fosta go bhfuil an Aoníocaíocht Feirme cosanta, ar an ábhar nach dtéann ciorruithe san Aoníocaíocht Feirme (céimlaghdú) i bhfeidhm go dtí go laghdófar an corrlach faoi €300m.
|
Ionad na Meán |
Nuacht is DéanaíAcmhainní Gaolta |
|
Copyright 2008 Republican Publications. Contact ◊ Privacy Policy |