Ní cóir do Bhanbharún Ashton polasaithe teipthe ETD Mandelson a leanúint

4 October, 2008

D’iarr FPE Shinn Féin Bairbre de Brún ar Bhanbharún Ashton ó Upholland gan polasaithe díobhálacha a réamhtheachtaí Peter Mandelson, mar Choimisinéir Trádála Eorpaigh, a leanúint má ghlacann Parlaimint na hEorpa lena ceapadh.

Rinne an Brúnach a tráchtanna le linn don scéala bheith fógartha go raibh Coimisinéir Mandelson réidh le teacht ar ais chuig comh-aireacht na Breataine i Londain.

 

 

 

Is é a dúirt an Iníon de Brún:

 

“Má ghlacann Parlaimint na hEorpa lena ceapadh, iarraim ar Bhanbharún Ashton gan polasaithe a réamhtheachtaí Peter Mandelson, a thug moltaí chun tosaigh mar Choimisinéir Eorpach, a dhéanfadh damáiste gan teorainn do fheirmeoirí san AE agus do dhaoine sa domhan i mbéal forbartha araon ach gur theip ar chainteanna ETD ar na mallaibh. Bhí an Coimisiún Trádála AE réidh le leas feirmeoirí agus pobail tuaithe a íobairt, ní ar mhaithe leis an domhan i mbéal forbartha ach mar pháirt dá chluichí trádála idirnáisiúnta. Ní dócha go dtiocfaidh cainteanna ETD le chéile arís ar ball ach níor chóir go mbeadh na moltaí díobhálacha a chuir Peter Mandelson chun tosaigh bheith san áireamh, agus d’iarrfainn ar Bhanbharún Ashton lena chinntiú go gcealófar na moltaí seo choíche go deo.

 

“Bhí Coimisinéir Mandelson réidh le leas feirmeoirí agus leas ár bpobail tuaithe a íobairt - ní ar mhaithe leis an tríú domhan ach ar mhaithe le cluiche margála idirnáisiúnta. Éilím ar an Bhanbharún Ashton a chinntiú nach gcuirfear a leithéid de mholtaí chun tosaigh ag aon chainteanna Eagraíochta Trádála Domhanda amach anseo, má aontaíonn Parlaimint na hEorpa lena ceapachán.