Aisíocaíocht cheart ó na bainc ar mhaithe le dea-chlú mhuintir na hÉireann a úsáid – McDonald

4 October, 2008

Tá ceannairí Shinn Féin ag bualadh le chéile inniu i mBaile Átha Cliath d’Ard-Chomhairle mhíosúil an pháirtí leis an ghéarchéim airgeadais a phlé a bhí i mbéal an phobail le roinnt seachtainí anuas. Agus í ag caint i ndiaidh an chruinnithe dúirt Mary Lou McDonald gur tugadh cumhachtaí fairsinge don Aire Airgeadais thar an earnáil bhaincéireachta agus ba ghá dó an chumhacht sin a úsáid le leas an náisiúin.  Is gá dó a chinntiú go mbeidh aisíocaíocht cheart ó na bainc ar mhaithe le dea-chlú mhuintir na hÉireann a úsáid.”

Dúirt FPE Bhaile Átha Cliath:
“Bhain idirghabháil na seachtaine seo le níos mó ná tarrtháil a thabhairt ar na bainc, bhain sé le slándáil a thairscint do ghnáthshaoránaigh, d’infheisteoirí agus do ghnóthaí Éireannacha agus chuige sin jabanna.  Ba ghéarchúiseach é earnáil bhaincéireachta an stáit a chobhsú le gur féidir léi trádáil ar bhonn idirnáisiúnta.  Ní tráthúil é an tseachtain seo do ghnó na polaitíochta. Seachtain a bhí an le haghaidh díospóireachta crua agus cinnteoireachta freagraí. Baineann an tráth úd agus an tráth seo le hearnáil na bhaincéireachta agus an rialtais a choimeád cuntasach as.
Is gá anois béim a chur ar théarmaí agus ar choinníollacha nach mór a chur ar an bhanc lena chinntiú go bhfuil aisíocaíocht cheart ann don cháiníocóir Éireannach.   Ní mór ar a laghad na nithe a leanas a bheith ann;
·          Tobhach nua bainc, le céatadán den airgead seo aitreoite chuig MABS le cuidiú le húinéirí tí atá i gcruachás
·          Riachtanas chun idirbheartú le sealbhóirí morgáiste ar ioncaim ísle, plean don aisíoc réasúnta a morgáiste, agus moratóir san áireamh ar athshealbhuithe tithe na ndaoine úd atá ag streachailt chun íocaíochtaí a íoc
·          Tionscnaimh chun athbhreithniú a dhéanamh ar easnamh cothromais a chealú maidir le tithe
·          Gnó baincéireachta a athfhócasú chun tacú le gnó dúchasach idir bheag agus mheasartha go háirithe iad siúd in earnáil na heaspórtála
·          Réim righin rialála a thabhairt isteach chun monatóireacht a dheanamh ar chleachtas bainc
·          Riachtanas ar bhainisteoirí bainc bónais a tharscaoileadh ar feadh achair a chumhdaíonn an rathúnas seo
·          Struchtúr tuarastail bainisteoirí ag leibhéal an fheidhmiúcháin a athbhreithniú
·          Is cóir pá a bhronnadh ar bhonn tuarastal seasmhach – ní ar thuairisceáin fheidhmiúcháin ná ar riosca
·          Athbhreithniú feidhmiúcháin dhá bhliain orthu siúd uile ar bainisteoirí ag leibhéal an fheidhmiúcháin iad

Beimid ag iarraidh bualadh leis an Aire Lenihan an tseachtain seo chugainn lena chinntiú go bhfuil aisíocaíocht cheart ann don cháiníocóir Éireannach, táimid ag iarraidh ar an Aire urlabhraithe Airgeadais a thabhairt le chéile ó gach páirtí le comhdhearcadh a fháil ar théarmaí agus ar choinníollacha ar chóir agus nach mór bheith curtha i bhfeidhm.” CRÍOCH