Caithfear fuinneamh inathnuaite a chur ag an chroílár in Éirinn

26 June, 2008

Dúirt FPE Shinn Féin Bairbre de Brún gur chóir na ráitis a rinne Gordon Brown ag seoladh fhógairt an lae inniu ar chomhairliúchán ‘réabhlóid ghlas’ feidhmiú mar spreagadh do Thuaisceart na hÉireann chun fuinneamh inathnuaite a chur ag croílár ár bpleananna geilleagracha forbartha.
Is é a dúirt an Brúnach
“Is féidir linn an geilleagar áitiúil a mhéadú, agus poist a chruthú le linn dúinn dul i ngleic leis an dúshlán d’athrú aeráide trí chuidiú chun ár sciar de sprioc an Aontais Eorpaigh 20 faoin chéad de fhuinneamh a fháil ó fhoinsí inathnuaite amhail an ghaoth agus cumhacht thaoidmhear chomh maith le cumhacht ghréine agus bithmhais,.
“Tá an geilleagar domhanda ag bogadh le dul i ngleic leis an dúshlán seo agus is gá don Choiste Feidhmiúcháin a chinntiú nach bhfágfar muid ar an trá fholamh. Tá áiseanna gaoithe, taoidmheara anseo agus tá cuid tionscadal aonair fíormhaith againn. Tá an fhéidearthacht ann chun obair ar thionscadail trasteorann. Caithfidh an Coiste Feidhimiúcháin an brú chun tosaigh agus an spreagadh chun ábhair inathnuaite, ar scálaí idir bheag agus mhór, a sholáthar agus le bogadh níos faide ná tionscadal aonair chun forbairt fuinnimh inathnuaite a chur i gcroílár ár bpleananna forbartha geilleagracha.

“Is tráthúil é agus an plean gníomhaíochta le teacht ón Tascfhórsa AE agus an chomhdháil infheistíochta SA ar na mallaibh. Is é an rud atá de dhíth orainn ná an tiomáint, an réamhfhéachaint agus an toil pholaitiúil ónár gceannairí.” Críoch