Failte » Ionad na Meán » Nuacht » Is gá béim a chur ar chosc, laghdú, athúsáid agus athchúrsáil le linn Seachtain Dramhaíola - de Brún
Is gá béim a chur ar chosc, laghdú, athúsáid agus athchúrsáil le linn Seachtain Dramhaíola - de Brún
2 June, 2008
Thug sí rabhadh in aghaidh céimeanna chun treoir líonta talún AE a chomhlíonadh trí loscadh ollmhór de dhramhaíl bhardais, a dhéanfadh damáiste ollmhór, a dúirt sí, d’iarrachtaí chun rátaí athchúrsála a fheabhsú.
“Is é loscadh ceann de na roghanna is lú ata neamhdhíobhálach don chomhshaol, ” a dúirt sí.
“Níor chóir dúinn bheith ag dó nó ag caitheamh rudaí ar shiúl atá athúsáidte agus atá athchúrsáilte go rialta in áiteanna eile.”
Bhí an Iníon de Brún ag caint roimh chruinniú tábhachtach i bParlaimint na hEorpa an tráthnóna seo mar a raibh FPEanna ag iarraidh spriocanna ar chosc agus ar athchúrsáil i reachtaíocht AE a bhunú.
Mar fhocal scóir dúirt an Iníon de Brún:
“Is gá dúinn mór-acmhainní agus béim an pholasaí a chur ar na leibhéil is dearfaí de ghrádlathas dramhaíola.” Deireadh
Nótaí d’eagarthóirí
Tarlaíonn Seachtain Dramhaíola ón Luan 2ú Meitheamh go dtí an Satharn 7ú Meitheamh 2008 in ionaid fud fad Bhéal Feirste.
|