Is Drochrud é Conradh Liospóin don Ghnó
26 May, 2008
Is é a dúirt FPE Bhaile Átha Cliath:
“Ba chóir d’Éirinn bheith san Eoraip. Tá an áit sin slán agus níl comhartha ceiste fúithi. D’imríomar ról tábhachtach i gceisteanna Eorpacha agus leanfaimid orainn seo a dhéanamh beag beann ar thorthaí an reifrinn ar 12 Meitheamh. Bíodh sin mar atá, tá sé ríthábhachtach go leanfaimid le glór láidir bheith againn ag tábla AE.
“Táimid anois i dtréimhse mhór éiginnteachta eacnamaíche. Is é an tasc is mó atá ag an rialtas ná straitéis a fhorbairt chun an chéad ghlúin eile de phoist a sholáthar. Is é atá lárnach don tasc seo tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide. Ciallaíonn seo infheistíocht i dtaighde agus i bhforbairt, i dteicneolaíocht faisnéise, in oideachas, i mbonneagar agus i seirbhísí poiblí.
“Cuireann Conradh Liospóin brú ar bhallstáit chun caiteachas poiblí a laghdú. Cuireann sé teorainn le raon roghanna atá ar fáil do rialtais le linn moillithe eacnamaíoch, go háirithe trí theorainneacha níos géire a chur ar iasachtaí. Teipeann air dul i ngleic leis na srianta troma cúnamh stáit. Baineann sé an bonn de sheirbhísí poiblí ar bhealach gníomhach. Osclaíonn sé an doras chun comhchuibhiú cánach AE. Laghdaíonn seo uile cumas rialtas na hÉireann chun infheistíocht a dhéanamh ina thodhchaí féin.
“Forchuireann Airteagal 104 agus 115 srianta nua ar chumas iasachtaíochta na mballstát agus tabharfaidh sé cumhacht don Choimisiún chun treoirlínte buiséid a eisiúint dírithe ar chaiteachas poiblí a shrianadh. Tá na srianta ar easnaimh bhuiséid bhliantúil ró-dholúbtha. Rachaidh an cás in olcas le Conradh Liospóin.
“Cuireann Airteagal 16(b) de Chonradh Liospóin “coinníollacha eacnamaíocha agus airgeadais” nua ar sholáthar seirbhísí, cúram sláinte agus oideachas san áireamh. Tugann seo an chumhacht don Choimisiún le tabhairt ar bhallstáit a leithéid de sheirbhísí a chur faoi réir rialacha na hiomaíochta agus oibritheoirí príobháideacha.
“Tugann an Prótacal ar an Mhargadh Inmheánach & ar an Iomaíocht sa Chonradh mar údarás don AE lena chinntiú nach bhfuil “an iomaíocht saofa”. San áireamh le “saofa” seo bheadh cúnamh stáit agus cistiú poiblí. Arís eile cuireann seo teorainn leis na huirlisí atá ar fáil le freagairt ar mheathlú geilleagair.
“Tugann Airteagal 2 (b) inniúlacht eisiach don AE maidir le beartas tráchtála, idirbheartaíocht comhaontuithe tráchtála idirnáisiúnta san áireamh. Tabharfaidh an Conradh níos mó cumhachta don AE trí fhoráil do vótáil tromlaigh cháilithe maidir le dlíthe ag rialú infheistíocht dhíreach choigríche agus le comhaontuithe idirnáisiúnta ar infheistíocht choigríche.
“Osclaíonn an Conradh an doras ar chomhchuibhiú cánach. Ní dhearna Sinn Féin an argóint riamh go raibh an crosadh ar chánachas ar shiúl. Is é an argóint a rinneamar go ndéanann Airteagal 48 é níos fusa chun an crosadh seo a bhaint ar shiúl amach anseo. Faoi láthair tá dhá líne chosanta againn chun comhchuibhiú cánach a chosc, an crosadh agus an fhírinne go dtiocfadh lena leithéid d’athruithe tarlú i gcomhthéacs athbhreithniú iomlán conartha, a éilíonn reifreann sa stát seo. Ceadaíonn Airteagal 48 athruithe conartha aonaracha, a bhfuil riachtanas aontoilíochta leis ag Comhairle, nach n-éileodh reifreann de ghnáth. Is ceist amháin í an cháin nach n-éileodh reifreann. Mar sin baineann Conradh Liospóin an líne bhreise thábhachtach chosanta ar shiúl.
“Deir an rialtas go n-úsáidfeadh sé an crosadh dá mba ghá. Bíodh sin mar atá, chonaiceamar iad ag géilleadh roimh bhrú roimhe, maidir le cailliúint bhuan-Choimisinéara, agus níl fáth ann go creidiúint nach ngéillfidís amach anseo.
“Tráth na éiginnteachta eacnamaíche caithfidh rialtais bheith saor chun an bealach is fearr le geilleagar a spreagadh agus chun fás eacnamaíoch cothromaithe agus inbhuanaithe a thiomáint. Srianann Conradh Liospóin roghanna an rialtais, ag cur cur chuige “aonmhéid do chách” ar an gheilleagar. Trí Conradh Liospóin a dhiúltú ar 12 Meitheamh is féidir linn margadh níos fearr a fháil. Cosain ár n-áit san Eoraip. Cosain do leasa gnó. Vótáil NÍL ar 12 Meitheamh ar mhaithe le margadh níos fearr san Eoraip.”
|