Easpa aistritheoirí ina bhac ar stádas oibre don Ghaeilge san Eoraip-Mary Lou McDonald

8 December, 2005

Tá Cathaoirleach Náisiúnta de chuid Shinn Féin Féin agus BPE do Bhaile Átha Cliath, Mary Lou McDonald, i ndiaidh a cheistiú an bhfuil an rialtas iomlán réidh do thús stádas oibre na Ghaeilge mar theanga oibre in Aontas na hEorpa i mí Eanáir 2007.

Labhair Iníon McDonald amach tar éis cruinniú i bParlaimint na hEorpa idir feisirí na hÉireann agus feidhmeannigh de chuid na hEorpa. Nochtadh ag an chruinniú go bhfuil na feidhmeannaigh ag moladh go gcuirfear siar cur i bhfeidhm iomlán mar nach bhfuil aistritheoirí go leor ann.

Ag caint inniu, dúirt Iníon McDonald:

“Ba é aidhm an chruinnithe ná a fhiosrú faoi na céimeanna praicticiúla atá le glacadh sula mbeidh an Ghaeilge mar theanga oibre iomlán de chuid an Aontais Eorpaigh. Baineadh siar dom nuair a d’fhoghlaim mé go bhfuil
feidhmeannaigh de chuid na hEorpa ag moladh go gcuirfear an cur i bhfeidhm siar de bharr easpa aistritheoirí.

“Chuir na feidhmeannaigh in iúl duinn go bhfuil an fhreagracht ar rialtas na hÉireann cinnte a dhéanamh go bhfuil daoine go leor oilte mar aistritheoirí don Ghaeilge i bParlaimint na hEorpa.

“Ba mhaith liom ceist a chur ar rialtas na hÉireann: an bhfuil muinín go leor acu go mbeidh aistritheoirí ar fáil le cinnte a dhéanamh go dtarlóidh cur i bnhfeidhm iomlán stádas oibre ar 1 Eanáir 2007.

“Caithfidh an rialtas a rá anois, go poiblí, an bhfuil siad ábalta an dushlán a thabhairt agus traenáil aistritheoirí go leor a éascú in am don dáta sin i gceann bliana.

“Beidh mé ag tógail na ceiste seo leis an rialtas amach anseo.

“Le triocha bliain anuas tá Gaeilgeoirí i mbun feachtais ar an ábhar seo le go n-iarrfadh an rialtas stádas iomlán don Ghaeilge. Bheadh sé doghlactha go mbeadh a thuilleadh moill ann anois mar gheall ar theip an
rialtais a ullmhú do thús na Gaeilge mar theanga oibre in 2007.” CRíOCH