An Brúnach chun Forám Feirmeoirí Iarthar Thír Eoghain a oscailte

26 March, 2009

Normal 0 false false false EN-GB X-NONE X-NONE MicrosoftInternetExplorer4 /* Style Definitions */ table.MsoNormalTable {mso-style-name:”Table Normal”; mso-tstyle-rowband-size:0; mso-tstyle-colband-size:0; mso-style-noshow:yes; mso-style-priority:99; mso-style-qformat:yes; mso-style-parent:”"; mso-padding-alt:0cm 5.4pt 0cm 5.4pt; mso-para-margin:0cm; mso-para-margin-bottom:.0001pt; mso-pagination:widow-orphan; font-size:11.0pt; font-family:”Calibri”,”sans-serif”; mso-ascii-font-family:Calibri; mso-ascii-theme-font:minor-latin; mso-fareast-font-family:”Times New Roman”; mso-fareast-theme-font:minor-fareast; mso-hansi-font-family:Calibri; mso-hansi-theme-font:minor-latin; mso-bidi-font-family:”Times New Roman”; mso-bidi-theme-font:minor-bidi;}

Labhróidh Bairbre de Brún FPE le Fóram Feirmeoirí Iarthar Thír Eoghain i gCloch Mhic Coisteala anocht áit a rachaidh Sinn Féin i dteagmháil leis an phobal áitiúil ar eochaircheisteanna a bhfuiltear ag tabhairt fúthu ar leibhéal áitiúil, ag an Tionól, ag Westminster agus ag leibhéal an AE.

Tarlóidh an ócáid in Ionad Pobail Chloch Mhic Coisteala, Déardaoin 26 Márta ar 7.30pm.

Agus í ag caint roimh an chruinniú dúirt an Iníon de Brún:

“Is eochairnaisc iad na Fóraim Feirmeoirí dóibh siúd ar mian leo teacht ar ionadaithe tofa chun ceisteanna a thógáil nó chun dúshláin reatha agus an bealach chun tosaigh a phlé.

“I measc na gceisteanna a pléadh ag leibhéal AE bhí ceisteanna ar an earnáil chaorach, ar phraghsanna bainne, ar na rialacháin a rialaíonn úsáid lotnaidicídí, An Clár Forbartha Tuaithe, an Scrúdú Sláinte CT, Scéim Feirme um Bainistíocht Cothaitheach agus an gá le haghaidh beart uile-Éireannach atáthar le cur in áit maidir le rialú galair ainmhithe chun bagairtí amhail gormtheanga, galar crúibe agus béil (GCB) nó fliú éanúil a sheachaint.

“Phléigh mé an próiseas comhairliúcháin ar PPS 21 lenár bpobail tuaithe le déanaí. Chuirfinn i gcuimhne dóibh siúd a léirigh imní gur chóir dóibh an imní sin a chur isteach go hoifigiúil mar pháirt den phróiseas comhairliúcháin.  Bheadh orthu nóta gairid a chur chuig an Roinn Comhshaoil a thugann cuntas ar a n-imní roimh an Mháirt seo chugainn, 31 Márta. Ní gá dá n-aighneacht bheith fada.

  

“Thóg mé ceisteanna agus leanfaidh mé liom ionadaíocht a dhéanamh ar son ár bhfeirmeoirí áitiúla ar réimse ceisteanna ag cruinnithe le Coimisinéirí Eorpacha agus lena bhfeidhmeannaigh shinsearacha mar aon leis seo a dhéanamh ar urlár Pharlaimint na hEorpa agus ag cruinnithe coiste.

“Tá feirmeoirí ar fud an AE ag dul i ngleic leis na fadhbanna céanna agus leanfaidh mé liom an cás a chur go láidir ar son ár bhfeirmeoirí áitiúla sna seachtainí agus na míonna amach romhainn.  Tá lúcháir orm an deis a thapú le dul i dteagmháil go díreach le feirmeoirí ó Iarthar Thír Eoghain ag cruinniú na hoíche anocht i gCloch Mhic Coisteala agus gabhaim buíochas le FP Pat Doherty as ucht an díospóireacht a éascú.”