Mary Lou McDonald MEP

You can contact Mary Lou McDonald MEP at marylou.mcdonald@europarl.europa.eu

Is ball í Mary Lou McDonald d’Ardchomhairle Shinn Féin agus is feisire Shinn Féin í de Pharlaimint na hEorpa do Bhaile Átha Chliath. Is Cathaoirleach Náisiúnta an Pháirtí í. Cuireadh oideachas uirthi in Ollscoil Choláiste na Tríonóide , BÁC, in Ollscoil Luimnigh agus in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Chliath, áit a ndearna sí staidéar ar Litríocht an Bhéarla, Staidéar Iomlánaithe na hEorpa agus Bhainisteoireacht Daonacmhainní. D’oibrigh sí roimhe sin mar chomhairleoir d’Aonad Tháirgiúlacht na hÉireann, mar thaighdeoir d’Institiúid Ghnóthaí Eorpacha agus mar thraenálaí san Aonad Páirtnéireachta don Iontaobhas Oideachais agus Seirbhísí Traenála. D’oibrigh sí chomh maith don pháirtí ag comhordú obair na n-ionadaithe tofa Shinn Féin ar fud an oileáin.

Tá sí ina ball fosta ar an Choiste Fostaíochta agus Gnóthaí Sóisialta i bParlaimint na hEorpa agus ina hionadaí ar Choiste Saoirsí Sibhialta.