| Failte | Mary Lou McDonald MEP | Bairbre de Brún MEP | Polasaithe | Ionad na Meán |
Bairbre de Brún MEP
You can contact Bairbre de Brún at bairbre.debrun@europarl.europa.eu Is ball í Bairbre De Brún d’Ardchomhairle Shinn Féin agus is feisire Shinn Féin í de Pharlaimint na hEorpa do na sé chontae. Toghadh í mar bhall Tionóil do Bhéal Feirste Thiar. Beirthe i mBaile Átha Chliath, tá baint fúithi anois i gceantar Bhaile Andarsáin in Iarthar Bhéal Feirste. Múinteoir is gairm di a bhí ag teagasc in earnáil fáis na gaelscolaíochta. Chuir Bairbre tús lena saol polaitiúil mar bhall de Choiste Náisiúnta in éadan na H-Bloc agus phríosún na mban Ard Mhacha go mall sna seachtóidí is go luath sna hochtóidí . D’oibrigh sí i Roinn na mBan agus bhí sí i gceannas ar Roinn an Chultúir agus ar an Roinn Idirnáisiúnta. Tá líofacht na Gaeilge aici agus is saineolaí i ngnéithe chearta an duine agus comhionannais í. Tá sí ina ball den Ardchomhairle agus den fhoireann idirbheartaíochta a bhfuil taisteal fairsing déanta aici in Éirinn agus thar lear leis an phróiseas síochána a chur chun cinn. Tofa mar bhall tionóil do Bhéal Feirste Thiar in 1998, d’ainmnigh an páirtí Bairbre don fheidhmeannas úr mar Aire Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteacht Phoiblí. Is ball í Bairbre fosta den Choiste Réigiúnach Polasaí i bParlaimint na hEorpa agus mar bhall ionadaíochta ar an Choiste Imshaoil. |
Nuacht is DéanaíAcmhainní Gaolta |
|
Copyright 2008 Republican Publications. Contact ◊ Privacy Policy |