| Failte | Mary Lou McDonald MEP | Bairbre de Brún MEP | Polasaithe | Ionad na Meán |
FailteFáilte go suíomh gréasáin d’ionadaithe Shinn Féin ar an ghrúpa GUE/NGL i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséal. Is anseo a gheofar gach eolas a bheidh de dhíth ort faoinár bhfeisirí de Pharlaimint na hEorpa agus a gcuid oibre polaitiúla taobh istigh agus amuigh den pharlaimint. Tá súil againn go mbeidh an láithreán seo úsáideach. Foilseacháin is Déanaí |
Tá an tAontas Eorpach níos mó ina fhórsa cheannasach ná mar a bhí riamh i saol polaitiúil, eacaimiúil agus sóisialta na hÉireann. Tá polasaí tógalach, ach é criticiúil chomh maith, chun dul i gcomhairle leis an AE ag toscaireacht Shinn Féin sa ghrúpa Aontas Clé na hEorpa/Nordaigh Chlé Ghlas laistigh de Phairlimint na hEorpa. Táimid tiomnaithe chuig Eoraip na gComhionann a thógáil - páirtnéireacht fhíorfa de thíortha cothroma neamhspleácha ag comhoibriú le chéile i bhforbairt eacnamaíochta agus sóisialta na hEorpa agus níos faide i gcéin. Táimid ar son Eoraip a chuireann síocháin, dímhíleatú agus dí-armáil niúicléach chun cinn agus a thacaíonn le réitigh chóire ar coimhlintí faoi bhráid cheannasaíocht na Náisiún Aontaithe a bheidh atá leasaithe, atosaithe agus daonlathaithe. I ndeireadh thiar thall, táimid ag iarraidh go nglacfaidh Éire Aontaithe amach anseo ról lárnach ceannasach agus gníomhach chun leasaithe a chur i bhfeidhm san AE. |
Nuacht is DéanaíAcmhainní Gaolta |
|
Copyright 2008 Republican Publications. Contact ◊ Privacy Policy |